Geallfaidh ceannaire an Fhreasúra i Westminster Keir Starmer, Prótacál Thuaisceart Éireann a 'chur ag obair' agus é sin a úsáid chun socrú níos fear a fháil do mhuintir na Breataine leis an Aontas Eorpach.

In óráid uaidh inniu, geallfaidh sé freisin gan an Ríocht Aontaithe a thabhairt ar ais i margadh aonair an AE, ná an tsaoirse taistil a athbhunú.

Plean é seo chun an Breatimeacht a ‘chur ag obair’ agus mar chuid de sin ní bheidh aon cheist faoi dul ar ais in aontas custaim leis an AE ach oiread.

Tuigtear go mbeidh sé mar chuid den phlean seo ag Keir Starmer an chuid is mó de na seiceálaithe idir an Bhreatain agus Tuaisceart Éirearnn a chur de láimh.

Droch-shocrú é an socrú reatha idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain, a deir sé, agus go mbeadh sé ar thóir shocrú níos fearr. Chuige sin bheadh feidmhniú an Phrótocáil ina chéad chéim.

Ní hionann agus an páirtí caomhach, a deir sé, ní bheidh Páirtí an Lucht Oibre ag féachaint le ‘caighdeáin, cosaintí agus rialacháin a chiorrú’ agus an ‘cumhacht a fhágail faoin margadh oscailte’.