Foilseoidh an Rialtas a Ráiteas Eacnamaíochta Samhraidh níos deireana i inniu, ina leagfar amach teorainneacha an Bhuiséid.

Sa ráiteas a foilsíodh anuraidh bhí teorainneacha buiséid chúíg bliana an Chomhrialtais san áireamh.

Orthu sin bhí an riail a choinneodh ardú sa chaiteachas poiblí faoi 5% sa bhliain, chun an státchiste a smachtú tar éis na n-iasachtaí móra le dul i ngleic le Covid-19.

Ach is cosúíl go gcuirfear seo go leataobh ar feadh tamaill ar aon nós, chun cur in aghaidh an bhoilscithe, agus de bharr gur fearr ná mar a ceapadh atá ioncam an Stáit ó chánacha.

€6.7bn é an beartas buiséid san iomlán, tuigtear, €2.2bn níos airde ná mar a bhí beartaithe.

Tuigtear gurb ionann €1bn de seo iad athruithe cánach, dhá oiread an méid a bhí sa phlean ar dtús.

Ardóidh an caiteachas idir 5% agus 10% ceaptar.

Ar íocaíochtaí leasa sóisialaigh breise agus ar fhordheontais breosla díreachta nó neamhdhíreacha, a bheidh an caiteachas seo dírithe, ceaptar

Dúirt an tAire Stáit ag an Roinn Fiontair, Robert Troy ar maidin go bhfóírfidh an Buiséad ar na daoine is géire riachtanaisí, agus go dtaispeánann Ráiteas Eacnamaíochta an tSamhraidh go bhfuil an státchiste folláin.

Tá fáilte curtha ag Social Justice Ireland leis na tuairiscí go mbeidh méadú ar an mBuiséad ach go bhfuil tréaniarracht comhordaithe ag teastáil le teacht i gcabhair ar lucht na n-ioncam íseal.

Arduithe sna bunrátaí leasa sóisialaigh an réiteach ar an ngéarchéim seo, seachas íocaíochtaí aon-uaire is fearr a deir SJI.