Tá cosc 24 seachtaine curtha ar Tiernan Kelly as eachtra a tharla i rith Chluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite.

Ar comhscór a chríochnaigh an cluiche idir Gaillimh agus Ard Mhacha agus chuaigh go dtí am breise.

Ní raibh Tiernan Kelly ar phainéal Ard Mhacha don chluiche sin, ach bhí sé páirteach sa scliúchas a tharla ar an bpáirc roimh thus an ama breise.

Ba chosúil go ndearna sé teagmháil le héadan agus súile Damien Comer na Gaillimhe.

Tá fíneáil €10,000 curtha ar an dá chontae as an scliúchas, agus tá cosc aon-chluiche curtha ar Conor Turbitt agus Blaine Hughes as Ard Mhacha, agus ar Chathal Sweeny na Gaillimhe.

Tá sé deimhnithe ag Ard Mhacha go nglacfaidh siad leis an gcosc ar an mbeirt imreoirí, ach níl aon deimhniú faighte fós ó Ghaillimh.

Tugadh cárta dearg do thriúr imreoirí i rith a chuiche, Seán Kelly na Gaillimhe agus Gred McCabe agus Aidean Nugent Ard Mhacha, agus is féidir go gcuirfear cosc aon-chluiche orthusan freisin.

As bheith 'ag cur leis an scliúchas' a fuair Kelly an cárta, ach déanfaidh Gaillimh achomharc ar sin ceaptar, ó taispeánann físeán é ag iarraidh daoine eile la choinneáil amah as an achrann.

Chaill Ard Mhacha sna ciceanna pionóís tar éis don am breise é féin críochnú ar comhscór.

Ar aghaidh Dhoire a imreoidh Gaillimh sa chluiche leathcheannais an 9 Iúil agus beidh fonn láidir orthu réiteach luath a fháil ar na ceisteanna seo.