Thug an Tánaiste Leo Varadkar le fios go mb'fhéidir go mbeifí ag streachailt leis an gcostas ard maireachtála go ceann roinnt míonna fós nó go ceann roinnt blianta go deimhin.

Ag labhairt dó sa Dáil, dúirt an Tánaiste nach gcuirfeadh aon bhuiséad sa tír seo - tugtar isteach é anois nó san fhómhar - nach gcuirfeadh sé ar neamhní an ghéarchéim bhoilscithe ar dúshlán idirnáisiúnta í.

Mhaígh urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty go bhfuil imní an domhain ar thuismitheoirí cheana féin faoin gcostas a bheas orthu nuair a bheas a bpáistí ag dul ar ais ar scoil ag deireadh an tsamhraidh.

Luaigh sé cás teaghlaigh amháin i gCorcaigh a mbeidh costas scoile chomh hard le €1,700 orthu.

Pearse Doherty, Sinn Féin, sa Dáil inniu

D'iarr an Dochartach arís ar an Rialtas buiséad éigeandála a thabhairt isteach i bhfianaise an chruatain atá daoine a fhulaingt.

Is í an fhírinne ghruama, mar a dúirt sé, go bhfuil roinnt tuismitheoirí ag ceannach pitseámaí dá leanaí le caitheamh i rith an lae mar nach bhfuil sé d'acmhainn acu gnáthéadaí a cheannach.

Ghlac Leo Varadkar leis nach mbíonn aon rogha go minic ag daoine ar bheagán fáltais ach rogha an dá dhíogha.

Tá gach duine faoi bhrú i ngach áit ar domhan, a dúirt sé, ach ní féidir le haon rialtas ach oiread áirithe beart a dhéanamh le dul i ngleic leis an mboilsiciú.