Tuairiscítear go bhfuil fórsaí Rúiseacha imithe as Oileán Zmiinyi sa Mhuir Dhubh ar cuid den Úcráin é agus ar ionad fíorthábhachtach é ó thaobh an chogaidh san Úcráin de.

Dar le Roinn Cosanta na Rúise gur fhág na Rúisigh an t-oileán mar "chomhartha dea-rúin" tar éis dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh ann.

Thug na Rúisigh le fios freisin go léiríonn an beart nach bhfuil siad ag cur bac ar iarrachtaí na Náisiún Aontaithe táirgí talmhaíochta a thabhairt amach as an Úcráin ar longa atá sáinnithe i gcalafoirt na Mara Duibhe faoi láthair.

In oirthear na hÚcráine, tá iarrachtaí ar bun i gcónaí daoine a thabhairt amach as cathair Lysychansk atá á tuairgneáil go seasta ag airtléire na Rúiseach.

Áirítear thart ar 15,000 duine a bheith fanta sa chathair, áit a mbíodh 100,000 duine ina gcónaí.

Tuairiscítear go bhfuil scaglann ola Lysychansk ina seilbh anois ag saighdiúirí Rúiseacha agus fórsaí atá dílis don Rúis.

I ndeisceart na tíre, deirtear go bhfuil frithionsaí á dhéanamh ag fórsaí Úcránacha ar na Rúisigh thart ar chathair Kherson.

Tuairiscítear, ámh, cúigear sibhialtach a bheith maraithe nuair a bhuail diúracán Rúiseach ceantar cónaithe i gcathair Mykolaiv, siar ó thuaidh ó Kherson.

Dar leis na Rúisigh gur bhuail an diúracán ionad a raibh "amhais ón iasacht" á dtraenáil ann.