Tá an Garda Síochána chun athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar dhúnmharú Sophie Toscan du Plantier in iarthar Chorcaí i 1996.

Fuarthas corp Sophie Toscan du Plantier - scannánóir de bhunadh na Fraince - ar chosán in aice lena teach saoire sa Scoil ar an 23 Nollaig 1996.

Fiosróidh Foireann Athbhreithnithe Tromchoireanna an Gharda Síochána an dúnmharú as an nua le súil fianaise úr a aimsiú agus déanfaidh siad moltaí nuair atá a gcuid oibre curtha i gcrích acu.

Deir na Gardaí nár chuir siad deireadh riamh lena bhfiosrúchán maidir le dúnmharú Sophie Toscan du Plantier.

Rinneadh athbhreithnithe ar an gcás cheana i gcaitheamh na mblianta ach ní raibh aon toradh críochnúil ar aon cheann acu.

Cuireadh fear áitiúil, Ian Bailey, ar a thriail in absentia sa Fhrainc trí bliana ó shin agus fuarthas ciontach é sa dúnmharú.

Tá sé ráite riamh ag Ian Bailey nach raibh aon bhaint aige le dúnmharú na mná.

I bhfianaise an choir is deireanaí sa scéal, dúirt a aturnae Frank Buttimer go bhfuil a chliant an-sásta go bhfuil na Gardaí le breathnú ar an gcás arís agus go raibh athbhreithnniú á iarraidh aige le fada.

Cuideoidh Ian Bailey le fiosrúchán nua na nGardaí, arsa Frank Buttimer, má iarrtar air agus más féidir leis.