Ar an 28 Meitheamh 1922, cuireadh tús leis an gCogadh Cathartha nuair a rinne fórsaí an rialtais shealadaigh ionsaí ar fhórsaí frithchonartha an IRA.
Bhí na fórsaí frithchonartha curtha fúthu sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath ón Aibreán roimhe sin agus smacht acu ar an áit.
Seoladh taispeántas a bhfuil aip dhigiteach ag dul leis sna Ceithre Cúirteanna inniu chun comóradh a dhéanamh ar an gcath cinniúnach úd.
Tá cáil ar an staraí Lorcan Collins i mBaile Átha Cliath faoin turas treoraithe The 1916 Walking Rebellion Tour a bhunú, agus dar leis nach féidir a mhaíomh cé acu an raibh an ceart:
"Ní raibh ach sé seachtaine ag Michael Collins chun idirbheartaíocht a dhéanamh le Lloyd George, a bhí mar Phríomh-Aire na Breataine ag an am. Bhí brú uafásach air.
"Nuair a smaoiníonn tú air, bhí sé bliana acu chun idirbheartaíocht a dhéanamh ar imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach, agus fós féin, rinne siad praiseach de.
"Nuair a maraíodh Henry Wilson i Londain," a dúirt Lorcan Collins, "chuir sin fearg ar Lloyd George agus Churchill agus bhíothas den tuairim gurbh é Michael Collins a thug an t-ordú chun Wilson a mharú.
"Mar sin, thug an Bhreatain ordú don rialtas sealadach in Éirinn lucht an IRA sna Ceithre Cúirteanna a dhíothú."

Ar 28 Meitheamh 1922, rinneadh ionsaí ar na Ceithre Cúirteanna agus mhair an cath go ceann 60 uair an chloig go dtí gur ghéill an an tIRA. Cé nár gortaíodh mórán daoine le linn na caismirte, scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí.
"Maraíodh na mílte i rith an Chogaidh Chathartha," a dúirt an tOllamh Paul Rouse ón Scoil Staire sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, "agus chothaigh sé deighilt mhór i measc an phobail atá fós le brath ar shaol polaitiúil na tíre."
Tá turais treoraithe timpeall na gCeithre Cúirteanna ar fáil mar chuid den taispeántas. Is féidir iad a chur in áirithe ar líne roimh ré. Beidh turas i Gaeilge ar siúl tráthnóna amárach ag 1:30.
Tá an aip a bhaineann leis an taispeántas ar fáil in Apple Store agus Google Store.