Tá baill an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge ainmnithe ag Aire na Gaeltachta Catherine Martin agus ag an Aire Stáit Jack Chambers.
Is é is aidhm don Choiste Comhairleach "soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú" de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021.
Tá an coiste le plean náisiúnta a chur i dtoll a chéile a mbeidh sé mar chuspóir aige "gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030."
Is iad seo a leanas baill an choiste:
- An Dr. Aodhán Mac Cormaic, an Roinn Turasóireachta Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán;
- John Howlin, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe;
- John Keegan, an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí;
- Eithne Fox, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte;
- An Ceannfort Sean Glynn, an Garda Síochána;
- Eoin Ó Seaghdha, an Roinn Coimirce Sóisialaí;
- Ciara Molloy, an Roinn Oideachais;
- Breandán Mac Craith, Foras na Gaeilge;
- John Breen, an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil;
- John Prendergast, Pobail Teanga Gaeltachta;
- Máiréad Ní Ghabháin, Pobail Teanga lasmuigh den Ghaeltacht.
Tá an Dr Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, le bheith ina chathaoirleach eatramhach ar an gcoiste.
Dúirt an tAire Martin inniu go "[m][b]eidh ról lárnach ag an gcoiste seo i dtaobh bealaí a aithint trína dtabharfar faoi mhéadú a chur ar sholáthar seirbhísí trí mheán na Gaeilge."
Thug an tAire Stáit Chambers le fios go "[dtabharfar] aghaidh anois ar an taighde ábhartha atá de dhíth chun a chinntiú go ndéanfar an Plean Náisiúnta maidir le méadú a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a fhoilsiú ... laistigh de dhá bhliain ó bhunú an choiste."