Tá comhaontú pá agus táirgiúlachta déanta ag Iarnród Éireann agus ceardchumainn sa chomhlacht.

Mar chuid den chomhaontú, gheobhaidh oibrithe ardú pá 10.5% i gcaitheamh cúig bliana.

D'fhéadfadh oibrithe ardú eile 4.5% a fháil chomh maith faoi réir cúrsaí táirgiúlachta agus éifeachtúlachta.

Má ghlacann na hoibrithe leis an margadh, tabharfar dearbhán €500 do gach duine acu láithreach agus tabharfar dearbhán eile €500 dóibh i dtús na bliana seo chugainn.

I ráiteas, dúirt Iarnród Éireann gur cuid é an comhaontú de straitéis úr an chomhlachta comhoibriú leis na ceardchumainn.

Thug urlabhraí na gceardchumann le fios go raibh sé tábhachtach go réiteodh bainistíocht agus oibrithe an chomhlachta le chéile agus bonneagar iarnóid na tíre le forbairt go mór sna blianta amach romhainn.