Tá ceannairí an Aontais Eorpaigh le stádas oifigúil a thabhairt d'iarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas nuair a thiocfas siad le chéile i gcruinniú mullaigh sa Bhruiséil inniu agus amárach.

Stádas eatramhach iarrthóra a bheas ag an Úcráin nó go mbeidh an próiseas ballraíochta críochnaithe.

Athrú poirt in achar gairid atá sa scéal ó bhí drochamhras ar an Aontas Eorpach faoi aos polaitiúil na hÚcráine sula ndearna an Rúis ionradh ar an tír ceithre mhí ó shin.

Roimh an gcogadh, ní raibh aon mhórfhonn ar cheannairí an Aontais dlús a chur le hiarratas ballraíochta na hÚcráine de bharr fhorleithne agus dhoimhne na héillitheachta sa tír.

Ina dhiaidh sin, an tseachtain seo caite, mhol an Coimisiún Eorpach stádas iarrthóra a thabhairt don Úcráin faoi réir leasuithe móra polaitiúla agus eacnamaíochta.

Mhaígh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen go raibh 70% de na leasuithe riachtanacha sin curtha i gcion ag an Úcráin cheana féin.

Thug sí le fios, áfach, go raibh go leor fós le déanamh ag Rialtas na hÚcráine, go háirithe maidir le héillitheacht, riar na córa, agus cearta bunúsacha daonna agus sibhialta.

Faoi Rialtas na hÚcráine atá sé anois, a dúirt sí, a chruthú go bhfuil an tír i dteideal ballraíochta san Aontas Eorpach.

Sa chruinniú mullaigh sa Bhruiséil, tabharfaidh ceannairí an Aontais stádas ofigiúil chomh maith d'iarratas ballraíochta na Moldóive.

Tá poblacht bheag na Moldóive buailte ar theorainn thiar na hÚcráine ach tá sí faoi scáth geopholaitíochta na Rúise chomh maith.

Tá limistéar na Tras-dnístria in iarthar na Moldóive neamhspleách ar an gcuid eile den tír le tríocha bliain, cé nach n-aithníonn na Náisiúin Aontaithe an áit mar réigiún ná stát oifigiúil ar leith.

Tacaíonn an Rúis, áfach, le rialtas áitiúil na Tras-dnístria agus tá saighdiúirí Rúiseacha bunaithe ann le fada.

Mar leis an gcogadh san Úcráin de, tuairiscítear cathracha Severodonetsk agus Lysychansk in oirthear na tíre a bheith i bhfíor-ainriocht agus an dá áit á ngreadadh le hairtléire Rúiseach.

Gan a gcóir de bhia ná lón eile a bheith acu - gan trácht ar a mbeatha a bheith i mbaol - is mó atá ag déanamh scime do shaoránaigh sa dá chathair chomharsanachta.