Tá cead tugtha inniu ag an mBord Pleanála óstán ina mbeidh 81 seomra leapa - chomh maith le sé theach cónaithe - a thógáil sa Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe.

Rinne an comhlacht Baile Éamoinn Teoranta an chéad iarratas pleanála ar an bhforbairt in 2017 ach dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe don iarratas ag an am ar an mbonn nach raibh córas séarachais poiblí sa Spidéal.

Rinneadh achomharc faoin gcás agus inniu rialaigh an Bord Pleanála go bhféadfaí dul ar aghaidh leis an bhforbairt faoi réir 25 coinníoll.

Ceann de na coinníollacha is ea go mbeadh an t-óstán ceangailte le hionad cóireála séarachais an Spidéil agus ceann eile acu is ea go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag 80% de na húinéirí tí.