Leagfar go talamh an bhunscoil in Uvalde, Texas, inar maraíodh naoi bpáiste dhéag agus beirt mhúinteoirí an mhí seo caite, a d'fhógair méara na cathrach inniu.

Dúirt an Méara Don McLaughlin nach bhféadfaí iarraidh ar aon pháiste ná aon mhúinteoir cos a leagan sa scoil arís go brách i bhfianaise na brúidiulachta a tharla ann.

Chaith agus mharaigh fear óg ocht mbliana déag d'aois na leanaí agus na múinteoirí - agus ghortaigh sé seacht nduine dhéag eile - le raidhfil leath-uathoibríoch sular mharaigh na póilíní é.

Cáineadh na póilíní faoin drogall a bhí orthu fogha a thabhairt faoin bhfear - Salvador Ramos - sula raibh deis aige an oiread sin daoine a mharú agus a ghortú.

Dúradh fúthu gur thogh siad a mbeatha féin de rogha ar bheatha na ndaoine óga.

Bhí dhá raidhfil agus 375 piléar ceannaithe ag Salvador Ramos cúpla lá roimh an sléacht agus tá ceist na ngunnaí agus an fháil éasca atá orthu sna Stáit Aontaithe curtha ina suí arís ó shin.

Tá Seanad na Stát Aonaithe leis an gcéad bhillle maidir le rialú arm le blianta fada a rith an tseachtain seo.

Tá an Páirtí Daonlathach agus an Páirtí Poblachtach araon ag tacú leis an mbille, cé go bhfuil go leor Daonlathaithe den tuairim nach bhfuil ann ach sop in áit na scuaibe.