Tá seirbhísigh phoiblí is sinsearaí leis an bpá a bhí acu roimh an ngéarchéim airgeadais in 2018 a fháil ar ais ar an gcéad lá den mhí seo chugainn.

Thart ar 4,000 duine atá i gceist agus is comhairleoirí leighis 90% acu.

Príomhfheidhmeannaigh chomhlachtaí Stáit, breithiúna áirithe, agus státseirbhísigh shinsearacha atá sa chuid eile.

Ardú pá idir 1.7% agus 10% atá i gceist agus áirítear go gcosnóidh sé €30 milliún ar an Státchiste i mbliana.

Tá rátaí pá do 99% de sheirbhísigh phoiblí ardaithe arís cheana féin. Sin daoine a fhaigheann níos lú ná €150,000.

Baineann an t-ardú pá is deireanaí leis an 1% eile, an dream a fhaigheann os cionn €150,000 a bhliain.

Is cosúil go raibh an Rialtas ag cuimhneamh ar an ardú pá a chur ar athló nó a ísliú, agus d'iarr an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Michael McGrath comhairle dlí faoin scéal.

Comhairlíodh dó, áfach, nach raibh aon rogha aige de réir na reachtaíochta cuí ach an t-ardú pá a cheadú.

Ritheadh reachtaíocht éigeandála in 2009 le pá seirbhíseach poiblí a chiorrú mar chuid de na beartais déine a tugadh isteach aimsir na géarchéime airgeadais.

In 2017, ritheadh reachtaíocht faoina dtabharfaí an pá a bhíodh ag seirbhísigh phoiblí is sinsearaí ar ais dóibh ar an 1 Iúil 2022 ar a dhéanaí.

Vótáil an freasúra - Sinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre ina measc - i bhfabhar na reachtaíochta.

Ag labhairt di ar RTÉ inniu, áfach, cháin an Teachta Dálá Louise O'Reilly ó Shinn Féin cinneadh an Rialtais an t-ardú pá a cheadú i bhfianaise an chruatain atá an duine mar chách a fhulgaint faoi láthair.

Ba mhaith léi an chomhairle dlí a cuireadh ar Michael McGrath a fheiceáil, a dúirt sí.

Thug an Tánaiste Leo Varadkar le fios gur ghlac sé leis nach é seo an t-am is fearr le cinneadh mar é a dhéanamh.