Tá ómós tugtha go forleathan don cheoltóir aitheanta Dennis Cahill a fuair bás inné in aois a ocht mbliana agus trí scór.

Bhí aithne mhaith ar an ngiotáraí as Chicago mar cheoltóir aonair agus mar thionlacaí leis an bhfidléir mór le rá Martin Hayes.

Bhí Dennis Cahill ar dhuine de bhunaitheoirí an ghrúpa chlúitigh The Gloaming a bhuaigh Duais Meteor in 2014 as feabhas a gcéad albaim.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Tháinig Dennis Cahill go mór faoi thionchar an snagcheoil agus sheinn sé le léithéidí Ricky Skaggs agus Sting i measc go leor eile.

De bhunadh Chiarraí a mhuintir a chuaigh ar imirce go Meiriceá.