Sheas Oifig Ombudsman an Phreasa le seacht ngearán a cuireadh faoina bráid i rith 2021.
Léirítear i dtuarascáil bhliantúil an Ombudsman Peter Feeney go raibh ardú 50% ar líon na ngearán a fuair sé anuraidh, i gcomparáid le 2020.
527 gearán a fuair an tOmbudsman in 2021, an líon ab airde riamh, de réir na tuarascála a foilsíodh inniu.
Bhain thart ar 200 de na gearáin le tuairisciú na meán ar Covid-19 agus rinneadh 50 gearán faoi thrí alt iriseoireachta.
Dúirt Peter Feeney go bhfuil an chuma ar an scéal go nuige seo i i mbliana go bhfuil líon na ngearán tite go dtí an leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim.
Sheas an tOmbudsman le seacht ngearán in 2021, ach cuireadh ceann acu ar ceal tar éis achomhairc.
Labhair cathaoirleach an Choimisiúin ar Thodhchaí na Meán, an tOllamh Brian Mac Craith, ag seoladh oifigiúil na tuarascála inniu.
Dheimhnigh sé go bhuil 49 moladh curtha i dtoll a chéile ag an gCoimisiún agus gur tháinig a chuid oibre chun críche i mí Iúil seo caite.
Ceapadh an Coimisiún d'fhonn anailís a dhéanamh ar inbhuanaitheacht na meán, ar mhunlaí maoinithe agus eile.
Tá moltaí an Choimisiúin fós gan foilsiú, áfach, agus dúirt an tOllamh Mac Craith go bhfuil díomá air faoi sin:
"Tuigeann muid go raibh go leor ceisteanna móra idir lámha ag an Rialtas le bliain anuas, idir chúrsaí paindéime agus an cogadh san Úcráin.
"Ach tá muid ag súil go gcuirfidh siad in iúl dúinn sna seachtainí beaga amach romhainn cén léamh a bhí acu ar na moltaí a chuireamar faoina mbráid."
Tá cáineadh géar déanta ar an Rialtas roimhe seo ag an gCoiste Oireachtais um Meáin as an moill, ach tuigtear go bhfuil na moltaí le foilsiú uair éigin i rith an tsamhraidh.