Tá sé tugtha le tuiscint ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Michael McGrath go bhféadfaí tús a chur as an nua go gairid le cainteanna pá idir an Rialtas agus na ceardchumainn san earnáil phoiblí.

Theip ar an dá thaobh teacht ar chomhréiteach i gcainteanna a d'imigh ar an uisce bruite sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre Dé hAoine seo caite.

Mhaígh na ceardchumainn go raibh an t-ardú pá a bhí á thairiscint ag an Rialtas i bhfad ró-íseal agus nach raibh sé inchurtha ar chor ar bith leis an ardú ar an ráta boilscithe.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt Michael McGrath go raibh súil aige go dtionscnófaí na cainteanna arís as seo go ceann cúpla lá agus mhaígh gurbh fhearrde gach duine comhaontú.

Bheadh idir shíocháin thionsclaíoch agus chinnteacht san earnáil phoiblí dá ndéanfaí margadh, arsa an tAire McGrath.

Thug Comhdháil na gCeardchumann le fios gur ardú pá 2.5% le haghaidh na mblianta 2021-2022 a thairg an Rialtas cé gur 9% a bheas sa ráta boilscithe faoi dheireadh 2022.

Dúirt Michael McGrath gur tairiscint chóir a bhí inti nuair a chuirtear an dá ardú le chéile agus nuair a chuirtear sochair bhreise san áireamh.

Mar leis an gcostas maireachtála de, thug an tAire Comhshaoil Éamon Ryan le fios go gcruafaidh an saol tuilleadh san fhómhar agus sa gheimhreadh nuair a bheas billí móra fuinnimh le híoc ag daoine.

Dúirt sé go dtabharfar isteach roinnt beartas sa Bhuiséad leis an mbuille a mhaolú ach níor thug sé aon sonraí.

Ní féidir le daoine fanacht go dtí aimsir an Bhuiséid le cúnamh a fháil, a dúirt an Teachta Dála Paul Murphy ó Phobal Roimh Bhrabús, áfach.

Ní mór dul i ngleic leis an mbrabúsaíocht atá ar bun ag comhlachtaí fuinnimh, ar sé, agus praghsanna san earnáil sin agus earnálacha eile a rialú.