Iarrfaidh an tAire Tithíochta Darragh O'Brien ar a chomhghleacaithe sa Rialtas inniu glacadh go hoifigiúil leis an reachtaíocht atá sé a mholadh maidir le cúiteamh a íoc le daoine ar tógadh a dtithe le hábhar míoca.
Meastar gur tógadh os cionn 7,000 teach le brící míoca i nDún na Gall agus i Maigh Eo.
Súnn brící míoca uisce, déantar mionbhruar de na brící dá bharr, scoilteann ballaí agus tugann na ballaí uathu ar deireadh.
€2.7 billiún a bheas sa chiste cúitimh de réir bhille an Aire O'Brien.
Áirítear sa reachtaíocht chomh maith daoine i gCo an Chláir agus i Luimneach ar tógadh a dtithe le hábhar piríte.
Cúiteamh 100% atá i gceist faoi réir uasteorann €420,000 agus / nó €145-161 ar gach troigh chearnach.
Tá grúpaí feachtais ag iarradh mionsonraí na reachtaíochta a fheiceáil sula ndéarfaidh siad aon rud fúithi.
Tá sé tugtha le fios acu cheana, áfach, nach bhfuil siad sásta leis na huasteorainneacha atá molta agus is mian leo an t-ábhar piorraitít a chur san áireamh sa scéim freisin.
Má ghacann an Rialtas leis an reachtaíocht inniu, foilseofar í faoi dheireadh na seachtaine seo.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil an tseachtain seo caite go raibh géarghá leis an reachtaíocht agus go raibh sé in am í a chur i bhfeidhm.
Thug an Tánaiste Leo Varadkar le tuiscint cé gurb é seo an dréacht deireanach den reachtaíocht go dtabharfadh an tAire O'Brien cluas éisteachta fós do dhaoine a mbeadh moltaí eile acu.
Dúirt Pádraig Mac Lochlainn ó Shinn Féin gur loiceadh ar dhaoine arís agus arís eile roimhe seo agus go gcaithfí an scéim nua a scrúdú go mion.