Tá sé ráite ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly gur údar imní an t-ardú ar an líon cásanna Covid-19 sa tír.

Thug Stephen Donnelly le fios go bhfuil an líon cásanna den ghalar in ospidéil méadaithe faoi thrí le roinnt seachtainí.

D'iarr an tAire ar gach duine os cionn 65 bliain - agus ar dhaoine eile atá tograch do ghalair mar é - an dara teanndáileog den vacsaín a fháil.

Is amhlaidh nach bhfuair go leor den dream os cionn 65 atá in ospidéil faoi láthair, nach bhfuair siad an dara teanndáileog sular buaileadh tinn iad, a dúirt sé.

Dheimhnigh sé gur daoine os cionn 65 is ea 70% d'othair Covid sna hospidéil.

D'achainigh an tAire Donnelly ar an bpobal cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí agus cumhdaigh éadain a chaitheamh i gcónaí sna suímh is mó ina dtagann daoine le chéile, léithéidí busanna agus traenacha, chomh maith le hionaid sláinte.

Dúirt sé nach bhfuil sé soiléir an bhfuil buaic bainte amach ag an ráig reatha den ghalar nó an bhfuil an líon cásanna le hardú tuilleadh.

626 othar Covid a bhí in ospidéil ar fud na tíre ar maidin inniu, sin 20 níos mó ná maidin inné. Bhí 23 díobh in aonaid dianchúraim.