Tá scrúduithe iarbháis le déanamh inniu ar choirp lánúine a fuarthas i dteach i ndeisceart Thiobraid Árann tráthnóna inné.
Fear agus bean sna seachtóidí a bhí sa dís a bhfuair na Gardaí a gcoirp sa teach in aice le sráidbhaile an Chluainín idir Fiodh Ard agus Muileann na hUamhan.
Comharsana nach bhfuair scéala le fada ón lánúin a chuir fios ar na Gardaí.
Dealraíonn sé go raibh an bheirt marbh le tamall - bliain agus blogh de bhliain, b'fhéidir - agus tuigtear go mbeifear ag brath ar thaifid fiacla agus ar thástálacha DNA lena n-aithint go hoifigiúil.
Táthar den bharúil gur Sasanaigh a bhí sa lánúin agus go raibh siad ina gcónaí sa cheantar le roinnt blianta.
Ní léir fós cad ba thrúig bháis dóibh ach ní mheastar faoi láthair go raibh feillbheart i gceist.
Is iad na Gardaí i gCluain Meala atá i mbun an fhiosrúcháin.