Dúirt Príomh Aire na Breataine Boris Johnson go raibh díoma agus alltacht ar faoi thuarascáil a rinne cur síos ar chóisir éagsúla a bhí i Sráid Downing le linn an dianghlasála Covid. Tá an tuarascáil thar a bheith cáinteach faoin "easpa ceannaireachta" a léiríodh le linn an ama sin ach deir an Príomh Aire nach bhfuil i gceist aige éirí as oifig.
Is fada an lá an saol polaitíochta ag fanacht leis an tuarascáil seo, tuarascáil a cuireadh moill air de thoradh fiosrú a bhí ar siúl ag na póilíní. Ach más fada a bhí an fanacht b'fhiú é agus gan fiacal curtha ag an státseirbhíseach sinsearach Sue Gray lena dearcadh siúd faoinar thit amach i Sráid Downing le linn na paindéime.

Caithfidh an cheannaireacht shinsearach sa Rialtas freagracht a ghlacadh ar an gcultúr a lig do rialacha na paindéime a bhriseadh go rialta a dúirt sí. Bheadh an pobal thar a bheith buartha faoi na saraithe éagsúla a tharla a dúirt sí agus thagair sí freisin gon iliomad samplaí a dúirt sí a bhí ann do dhroch iompar doghlactha in aghaidh ghlantóirí agus lucht slandála le linn na gcóisir.
Ag ocáid amháin tugadh le fios gurb é an Príomh Aire féin a thug leis cáis agus fíon uaidh a arasán chuig an gcóisir sa ghairdín ar chúl Sráid Downing.
Sin ar fad ráite níl aon chosúlacht ann go bhfuil i gceist ag Boris Johnson éirí as oifig de thoradh seo.
Dúirt an Príomh Aire i bParlimint Shasana trathnóna gur ar feadh achair ghairid a raibh seisean i láthair ag na hocáidí i Sráid Downing a lean ar aghaidh níos faide ná go mba chóir a dúirt sé. Dúirt sé gur ghlac sé fhreagracht iomlán as a thit amach ach shéan sé gur inis sé bréag den pharlimint roimhe seo nuair a thug sé le fios nár saraíodh na rialacha.
Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Keir Starmer go raibh dímheas iomlán den phobal léirith ag an bPríomh Aire, gur léirigh an tuarascáil sotal an Rialtais seo agus gur cinntigh anois go raibh sé in am do Boris Johnson éirí as oifig.
Ag an tráth seo, ní cosúil go bhfuil sin chun tarlú.