Cuirfidh Rialtas na Breataine reachtaíocht leis an nGaeilge a aithint agus a chosaint i dTuaaisceart Éireann, den chéad uair.
Beidh reachtaíocht ann freisin don Ultais.
Stát-Rúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis a dhearbhaigh seo i ráiteas aréir.
'Clochmhíle shuntasach é seo', a dúírt sé, 'chun bunsraith nua cultúrtha a chur faoi phobal Thuaisceart Éireann, chomh maith le forálacha New Decade, New Approach a thabhairt i gcrích'.
'Tá an reachtaíocht meáite go cúramach as idirbheartaíocht leis na páirtithe uile agus tá sí chun leasa gach duine i dTuaiseart Éireann', a dúirt sé sa ráiteas freisin.
Tabharfar an Identity and Language Northern Ireland Bill faoi bhráid Theach na dTiarnaí inniu.
Faoin mbille, tabharfar aiteantas don Ghaeilge agus tacaíocht d'fhorbairt na hUltaise agus don traidisiún Uladh-Breataineach.
Beidh stádas oifigúil ag an nGaeilge agus beidh Coimisinéir Teanga ann leis an stádas sin a chosaint.
Cuirfidh Rialtas na Breataine £4m don Ciste Infheistíochta Gaeilge.
Gheall Brandon Lewis mí an Mheithimh seo caite go dtabharfaí an reachtaíocht isteach trí Westminster dá dteipfeadh ar Thionól Stormont sin a dhéanamh faoi Dheireadh Fómhair seo caite.
Tá fáílte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh an bhfógra, ach mhol an eagraíocht go mbéifí ag faire agus ag feachtasaíocht freisin nó go mbeidh an Bille ina dhlí agus an dlí á chur i bhfeidhm.
Chuir an grúpa stocaireachta An Dream Dearg fáílte roimh an bhfógra agus dúírt gur 'céim stairiúil' í, in ainneoin an fhanacht fhada a bhí air ó gealladh i dtús é i 2006 i gcomhaontú Chill Rímhinn.