Tá sé ráite ag Feisire Daonlathach de chuid na Stát Aontaithe - atá ar cuairt in Éirinn faoi láthair mar chuid de thoscaireacht Mheiriceánach - go bhféadfaí an chonspóid maidir le Prótocal Thuaisceart Éireann a réiteach go furasta. Thug sé le fios go bhfuil an chuma ar an scéal gur conspóid bhréige atá ann go bhfuil daoine ag ligint orthu féin go bhfuil deacracht ag baint leis.
I ndiaidh dó bualadh leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, inniu dúirt Richard Neal go bhfuil sé ag súil nárb iad polaitíocht bhaile na Breataine atá mar bhunchúis leis an aighneas seo.
Tá naoinúr ar cuairt trádála a mhairfidh go ceann ceithre lá sa tír seo faoi láthair. Tá an toscaireacht déanta suas d'fheisirí ón bPáirtí Daonlathach agus ón bPáirtí Poblachtánach.
Thar an deireadh seachtaine, bhuail an toscaireacht le hAire Gnóthaí Eachtracha na Breataine Liz Truss le labhairt léi faoi phleananna na Breataine an Prótocal a athrú go haontaobhach mura dtiocfar ar chomhréiteach leis an Aontas Eorpach faoi go luath.
Tá an DUP ag diúltú dul i mbun roinnt na cumhachta arís ó thuaidh go dtí go mbeidh athruithe suntasacha ar an bPrótocal.