Tá beirt fhear a bhí á gceistiú maidir le bás fir, 53 bliain d'aois, i dTrá Lí i gContae Chiarraí thar an deireadh seachtaine scaoilte saor gan chúis.
Tháinig na Gardaí agus na seirbhísí éigeandála ar Joe Brosnan ag bloc árasán Chúirt na Mainistreach i lár an bhaile go gairid tar éis 7pm ar an Domhnach. Bhí sé sáite roinnt mhaith babhtaí agus bhí drochbhail air. Fuair sé bás de bharr a ghortuithe ní ba dhéanaí.
Gabhadh an chéad duine, fear sna caogaidí, faoi Alt a 4 den Acht um Cheartas Coiriúil agus bhí seisean á cheistiú i Stáisiún na nGardaí i dTrá Lí.
Fear sna tríochaidí an dara duine a bhí gafa ag na Gardaí. Bhí seisean á choinneáil i Stáisiún na nGardaí i gCill Airne.
Tá an bheirt acu anois scaoilte saor agus tá comhad á ullmhú le cur faoi bhráid Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí.