Ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda in Davos na hEilbhéise inniu, dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, go bhfuil an Rúis ag bagairt ar an gcuid eile den domhan, ag úsáid fuinnimh agus bia mar airm.

Caithfidh an pobal idirnáisiúnta a bheith ag obair as lámh a chéile chun cosc a chur ar dhúmhál na Rúise, a dúirt sí.

Tá ag géarú ar an imní faoin tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an gcogadh san Úcráin ar sholáthairtí bia. Déanann an Úcráin go leor gráin a easpórtáil agus tá rabhadh tugtha go bhféadfadh níos mó daoine ar fud an domhain bás a fháil de bharr ganntanais gráin, ná mar a chaillfear i rith an chogaidh féin.

Tá ardú as cuimse tagtha ar phraghsanna gráin, fuinnimh, leasú agus ola chócaireachta ó rinne na Rúisigh ionradh ar an Úcráin trí mhí ó shin.

Inné, dúirt an Chreimil, áfach, go bhfuil an locht ar an iarthar de bharr na smachtbhannaí is déine riamh, a deir siad, a chur ar an Rúis.