Tá ionradh dearg curtha ar bun i réigiún an Donbas in oirthear na hÚcráine agus na Rúisigh ag iarraidh smacht a fháil ar na príomhchathracha ansin. Cathanna cinniúnacha is ea iad don Rúis, agus iad ag iarraidh oirthear na hÚcráine a ghabháil.
Teastaíonn ón Rúis smacht a fháil ar an Donbas in iomláine, mar níor éirigh leo an dul chun cinn a bhí uathu a dhéanamh in áiteanna eile.
Tá súil go bhfuil na húdaráis in Kharkiv, - atá siar ó thuaidh ón Donbas - ar tí an Meitreo a oscailt, i ndiaidh do na mílte sibhialtach a bheith ag lorg tearmainn ansin le trí mhí anuas. Is léiriú í an athoscailt seo ar an dul chun cinn atá déanta ag fórsaí na hÚcráine le míonna anuas, ag brú fórsaí na Rúise amach as raon airtléire Kharkiv, mar a rinne siad cheana féin i gCív.
Ach tá sé fós ina chogadh dearg níos faide ó dheas in Donsetsk agus Luhansk, atá i réigiún an Donbas.
Tá sé ráite ag Uachtarán Zelensky na hÚcráine go bhfuil an Úcráin fós toilteanach príosúnaigh a mhalartú leis an Rúis.