Tuigtear go RTÉ gur baineadh ainm dochtúra de Chlár na nDochtúirí Leighis in Éirinn sa mbliain 2015 tar éis do bheirt othar a chur ina leith go ndearna sé ionsaí gnéis orthu.

Bhain na líomhaintí leis an Dochtúir Pathmadevan Rathnam. D'fhiosraigh Comhairle na nDochtúirí Leighis an cás agus fuarthas ciontach é i mí-iompar gairmiúil.

Léiríodh imní ar dtús faoi iompar an Dochtúra Rathnam sa mbliain 2011, nuair a rinneadh gearán faoi in Ospidéal Ginearálta an Náis. Cuireadh ina leith gur leag sé lámh ar bhall giniúna páiste fireann le linn don bhuachaill a bheith faoi chúram an ospidéil.

Laethanta ina dhiaidh sin, chuir othar fireann, 19, tuairisc eile faoi bhráid an ospidéil faoin Dochtúir Rathnam. Chuir an t-othar sin i leith an dochtúra go ndearna sé ionsaí gnéis air sé huaire.

Is ón Malaeisia ó dhúchas don Dochtúir Rathnam. Bhain sé a chuid cáilíochtaí mar dhochtúir amach in Ollscoil na hÉireann sa mbliain 2008.

Tá leithscéal gafa ag Ospidéal Ginearálta an Náis leis na hothair a ndearnadh ionsaí orthu.

I ráiteas a chuir an t-ospidéal ar fáil go RTÉ, dúirt siad gur ghlac siad cinneadh an Dochtúir Rathnam a chur ar fionraí láithreach nuair a cuireadh na líomhaintí faoina mbráid, le deis a thabhairt dóibh dul i mbun fiosrúcháin. Thug siad le fios freisin gur chuir siad na húdaráis chuí ar fad eile ar an eolas.