Is ar an Domhnach, an 5Meitheamh a imreoidh Ard Mhacha agus Tír Eoghain a chéile sa chéad bhabhta cúldorais i gCraobh na Peile.

Is beag a bheidh eatarthu an tuar is coitianta don chluiche seo ar Pháirc na Lúthchleasaíochta in Ard Mhacha.
Má bhíonn sé leath chomh teasaí is a bhí deireadh an chluiche sraithe eatarthu i mí Feabhra,beidh a dhóthain le déanamh ag an réiteoir.
Cuireadh cúigear den pháirc i dtreo an deiridh an lá sin, ceathrar as Tír Eoghain agus duine ó Ard Mhacha.
Caithfear isteach an liathróid ag 1.30 i.n

Tá gné an chúldorais mar dhlúthchuid anois den chomórtas Craoibhe Peile ó 2001 agus tugann sé an dara deis do chontaetha ar Chorn Sam Mhic Uidhir i ndiaidh dóibh an comórtas cúige a chailleadh.
Tá 3 chluiche eile le himirt freisin ag staid an chúldorais agus gabhfaidh na foirne ar fad chun páirce ar an Satharn,4Meitheamh.
I bPáirc Uí Chaoimh a bheidh Corcaigh ag a baile in aghaidh Lú;beidh Maigh Eo sa bhaile i gcoinne Mhuineachán agus imreoidh An Clár i gcoinne na Mí in Inis.
Gabhfaidh buaiteoirí na gcluichí ar aghaidh chuig an dara babhta cúldorais, agus casfaidh siad ar na foirne a chailleann a gcluichí ceannais cúige.