Dúirt Príomh-Aire na hÍsiltíre,Mark Rutte nach bhféadfadh an tAontas Eorpach (AE) a bheith níos solúbtha ar cheist Phrótacál Thuaisceart Éireann.
Bhí sé ag labhairt i dTeach Farmleigh i mBaile Átha Cliath agus é i mbun nuachtagallaimh leis an Taoiseach.
'Ní hamháin go gcaomhnaíonn Prótacál Thuaisceart Éireann Comhaontú Aoine an Chéasta' a dúirt an Príomh-Aire Rutte, 'coscann sé teorainn chrua ar oileán na hÉireann agus cosnaíonn sé ionracas mhargadh aonair an AE'.

Dúirt sé áfach go réiteodh an AE do pé gníomh a gcaithfeadh sé dhéanamh,má ghníomhaíonn An Ríocht Aontaithe go haontaobhach ar an bPrótacál tré reachtaíocht.
Dúirt An Taoiseach Micheál Martin nach réiteodh gníomh aontaobhach an chonspóid seo atá cruthaithe maidir le socruithe trádála a chaithfear a dhéanamh i gcás Thuaisceart Éireann de bharr an Bhreatimeachta.
Dúirt sé freisin gur chuir sé in iúl don Uasal Rutte go raibh an prótacál 'ag obair go sásúil do chuid mhaith tionscal ó thuaidh', mar a bhí ráite leis roimhe seo.
'Tá tacaíocht ó cheannairí domhanda ar an gceist seo go dtiocfadh An Ríocht Aontaithe agus an AE ar chomhréiteach maidir le ceist na trádála' a dúirt An Taoiseach.
Níos túisce bhuail toscaireacht de pholaiteoirí ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) leis an Taoiseach i mBaile Átha Cliath.

An Feisire Comhdhála, Richard Neal ó Theach na nIonadaithe i SAM a bhí i gceannas na toscaireachta.
Pléadh Comhaontú Aoine an Chéasta agus a thábhachtaí is atá sé do Rialtas na tíre seo an socrú stairiúil sin a rinneadh in Aibreán 1998 a chosaint.
Tá Richard Neal tar éis áiteamh ar na páirtithe leasmhara uilig i dTuaisceart Éireann,sa Ríocht Aontaithe agus san Aontas Eorpach féachaint chuige le conspóid an phrótacáil seo a réiteach.
Dúirt Richard Neal inné 'nach é an prótacál an fhadhb ar chor ar bith' ach dearcadh dhaoine áirithe ina leith a fheiceann é mar chonstaic mhór i dtodhchaí polaitíochta agus eacnamaíochta an Tuaiscirt.
Tá imní mhór ann go dtitfidh Stormont agus na forais eile ar fad bainteach leis as a chéile mura sáraítear na fadhbanna iar-Bhreatimeachta seo.
Tá sé i gceist ag Richard Neal dul go Béal Feirste i gcaitheamh na seachtaine seo sula bhfilleann sé ar SAM.