Tá beirt fhear fós á gceistiú ag gardaí atá ag fiosrú bás fir eile a tharla i dTrá Lí tráthnóna inné.
Tháinig na gardaí ar Joe Brosnan,fear 53 bliain d'aois i mbloc árasán i lár an bhaile go gairid tar éis a 7 a'chlog.
Bhí na seirbhísí éigeandála á dtionlacan i mbloc Chúirt na Mainistreach.
Fuair siad Joe Brosnan i gceann de na hárasáin agus é sáite roinnt mhaith babhtaí.

Bhásaigh sé go gairid ina dhiaidh sin.
Deirtear go raibh Joe Brosnan ina chónaí san árasán le roinnt mhaith blianta.
Gabhadh an chéad duine, fear sna 50-idí aréir agus tá seisean á cheistiú ó shin i Stáisiún na nGardaí i dTrá Lí.

Gabhadh é faoi Alt a 4 den Acht um Cheartas Coiriúil agus is féidir é a cheistiú ar feadh 24 uair a'chloig.
Fear sna 30-idí an dara duine atá tógtha ag gardaí, gabhadh eisean ar maidin inniu.
Tá seisean á choinneáil i Stáisiún na nGardaí i gCill Airne.
Tá na gardaí ag iarraidh ar aon duine a bhí i gceantar Chúirt na Mainistreach i dTrá Lí idir 6.30-7.00 tráthnóna inné dul i dteagmháil leo.