Tháinig deireadh tráthnóna inniu leis an aisling mhór a bhí ag lucht leanúna chumann sacair Liverpool FC; sé sin 4 mhórchomórtas a bheith crochta leo ag buachaillí Jurgen Klopp don séasúr craoibhe 2021-22.

Is le Man.City Craobh na Príomh-Roinne arís.

Don 5ú huair in imeacht 6 shéasúr tá an comórtas sraithe sin buaite acu.

Sa bhaile i Staid an Etihad tráthnóna inniu theastaigh an bua ó imreoirí Pep Guardiola le sin a chinntiú, beag beann ar thoradh Liverpool ina gcluiche siúd.

Pep Guardiola le Corn na Príomh-Roinne

Ar feadh tréimhse áfach, bhí an baol ann go mbeadh an tsraith caillte ag na seaimpíní.

Bhí siad 2-0 chun deiridh ar Aston Villa; dá mbeadh sin ina thoradh agus dá n-éireodh le Liverpool bua a aimsiú sa bhaile in Anfield is cinnte gurbh iad na 'Reds' a bheadh ag ceiliúradh anocht.

Ach i dtréimhse imeartha 5 nóiméad, agus an cluiche ag teannadh i dtreo an deiridh, d'aimsigh Man.City 3 chúl agus d'fhág sin iadsan ar bharr an tábla i gcónaí.

Mo Saleh ag scóráil do Liverpool ach ní raibh an tsraith i ndán dóibh inniu

D'éirigh le Liverpool iad féin 3 chúl a scóráil, buachan ar an lá ach ba bheag an mhaith sin i bhfianaise a raibh tarlaithe san Etihad.

Dúirt bainisteoir Man.City,Pep Guardiola go mba laochra iad a chuid imreoirí a bhfanfadh a gcuid ainmneacha i mbéal an phobail go ceann i bhfad.

Is cinnte go bhféadfaidh daoine an rud céanna a rá faoi Liverpool i mbliana.

Tá cluiche amháin eile fanta ag na 'Reds'.

An deireadh seachtaine seo chugainn thall sa Stade de France i bPáras casfaidh siad ar Real Madrid i gCluiche Ceannais Shraith na Seaimpíní.

Beidh buachailí Jergen Klopp ar bís a dtriú comórtas a bhuachan i 2021-22, ach cuimhneoidh siad freisin táim cinnte ar shraith a chaill siad i mbliana.

Bheadh argóint láidir freisin ag an té a déarfadh gur caolsheans go bhfeicfear arís a léithid d'éacht ó aon chumann amháin le linn aon séasúr sacair,