Tá imní agus fearg léirithe ag úinéirí talún i Cill Cholgáin in Oirthear na Gaillimhe mar nach bhfuil Comhairle Contae na Gaillimhe ag tabhairt aon eolas dóibh faoin mbealach glas atá beartaithe idir Áth Luain agus Gaillimh.

Deir Aoife McCabe, a bhfuil talamh leí féin sna pleananna don bealach glas atá beartaithe, nach mbeidh aon ghnó aici má leanfar ar aghaidh leis an bhforbairt agus go mbeidh cúrsaí sábháilteacht ina chúis imní di.

Aoife McCabe le cuid dá tréad capall

Beagnach 30 acra talún feirme atá ag Aoife McCabe i gCill Cholgáin in Oirthear na Gaillimhe - áit a gcoiníonn sí caoire Zwartbles agus capaill - ach tá codladh na hoíche á chailleadh aici anois, a deir sí, mar nach bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe sásta cruinniú a bheith acu leo faoin gcúrsa a bheidh ag an mbealach glas idir Áth Luain agus Gaillimh.

Tá roinnt moltaí curtha ar mhapaí ag an gComhairle Contae faoin togra - agus tá talamh Aoife ina chroí lár. Ó thús mhí Aibreáin, tá na huinéirí talún ag iarraidh cruinniú leis an gComhairle Contae - cruinniú nár tharla fós ach bhí cruinniú ag an gComhairle Dé Céadaoin seo caite le úinéirí tí atá ina gcónaí ina aice leis an mbealach glas atá beartaithe ins an gceantar.

Tá sé ráite ag Comhairle Chontae na Gaillimhe gurb é seo an rogha conaire bealaigh atá acu ach nach bhfuil aon rud cinntithe fós. Deir an Chomhairle go bhfuil cruinnithe acu leis na céadta faoin bhforbairt agus go mbeidh siad i dteagmháil le húinéirí talún a mbeidh tionchar ag an bhforbairt orthu ach go dtógfaidh sé roinnt ama castáil leo uilig.