Tá tacaíocht léirithe ag Teachtaí Dála ó chúpla páirtí do theaghleach ó Chontae Luimnigh atá ag lorg fiosrúchán poiblí faoi thoradh fhiosrúchán stáit ar thionchar chomhlachtaí tionscalaíochta ar shláinte dhaoine agus ar shláinte ainmhithe in aice Eas Géitine in iarthar Luimnigh.

An tseachtain seo, reachtáil Pat agus Nuala Geoghegan ó Eas Géitine agóid ós comhair na Dála ag lorg fiosrúchán poiblí.

Sna 1990'adaí reachtáil an stáit fiosrúchán i leith gearáin, go raibh comhlachtaí tionscalaíochta sa cheantar ag cur le fadbhanna sláinte daoine agus ainmhithe. Chosain an fiosrúchán san, faoin nGníomhaireacht um Chosanta Timpeallachta, ós cionn £5m, ach ní raibh an fiosrúchán in ann a chúis cinnte a aithint i leith na gearáin maidir le slaínte na ndaoine ná na n-ainmhithe.

Duirt Pat agus Nuala Geoghegan go raibh 18 sampla fola tugtha acu don bhfiosrúchán sin ach ná fuaireadh riamh na torthaí. "Dúradh linn go gcuaigh na samplaí amú le linn a dtástálacha agus ná raibh na torthaí ar fáil dá bharr. Tá an fiosrúchán lochtach óna thús de bharr easnamh na dtorthaí seo", a dúirt Pat.

Pat agus Nuala geoghegan atá ag éileamh fiosrúchán faoi thionchar tionsclaíochta ar shláinte poiblí in iarthar Chontae Luimnigh

"Taimíd ag éileamh fiosrúchán poiblí anois faoi cad a tharla. Is é sin an t-aon tslí, dar linn, a thiocfaimíd ar fhreagraí", a dúirt Nuala Geoghegan.

Sa Dáil, dúirt an Teachta Dála Paul Murphy go raibh fianaise aige go raibh comhfhreagras idir eagraíochgtaí stáit agus an comhlacht Aughinish Alumina le linn an fhiosruithe nár cheart a bheith tárlaithe.

Dúirt an Teachta Murphy chomh maith, go raibh ceisteanna le freagairt maidir leis seo agus na samplaí fola "a d’imig ar iarraidh go mistéireach".

Dúirt ceannaire an Phairtí Aontú, Peadar Toibín TD, go raibh sé dochreidthe go gcuaigh na samplaí fola ar iarraidh le linn an fhiosrúcháin.

"Tá go leor ceisteanna le freagairt maidir leis an ábhar seo agus tá freagraí tuillte ag Muintir Geoghegan", a dúirt an Teachta Toibín.

Dúirt an Taoiseach go raibh na gearáin maidir lena fadbhanna sláínte fiosruithe ag na h-eagraíochtaí eolasacha agus níor thug sé aon ghealúint maidir le fiosrúchán poiblí. Deir Muintir Geoghegan áfach, go leanfaidh siad lena bhfeachtas nó go bhfaighfidh siad na freagraí trí fhiosrúchán poiblí.

I measc na dTeachtaí Dála eile a sheas le Muintir Geoghegan le linn a n-agóid ós comhair na Dála, bhí Willie O’Dea FF, Cathal Crowe FF, Jackie Cahill FF, Catherine Connolly NSP, Mattie McGrath NSP, Matt Carthy agus Eoin O Broin SF agus Paul Murphy PRB.