D'fhreastal nuálaithe óga as an Eoraip agus áiteanna i bhfad i gcéin ar chomhdháil 2 lá i nGaoth Dobhair inniu. Faoi chúig bliana is tríocha d’aois atá na smaointeoirí seo, agus tograí acu a bhaineann leis anaeráid, an eacnamaíocht ghlas, sláinte agus inmharthanacht.

Údarás na Gaeltachta a d’óstaigh an chomhdháil faoi choimirce MIT Technology Review - an iris teicneolaíochta is aitheanta sa domhan as Cambridge, Massachusetts.

Deir Máirtín Ó Muilleoir, duine de na daoine a d’eagraigh an chomhdháil ar son emtecheurope.com, gur seo an chéad uair a heagraíodh an ócáid Eorpach seo in Éirinn agus i nGaoth Dobhair.

Tinreamh idirnáisiúnta ar an gcomhdháil nuálaithe aeráide

"Tá na nuálaithe is ildánaí agus is cumasaí san Eoraip bailithe le chéile againn do MIT Technology Review - an iris teicneolaíochta is sine ar domhan (bunaíodh in 1899). Gach bliain, bailíonn siad 35 de na nuálaithe iontacha seo le chéile san Eoraip. I mbliana, d’iarr muidinne orthu teacht chun na Gaeltachta. Sílim go bhfuil muid ag cruthú gur féidir nuálaíocht a beith áit ar bith - nígá gur i Frankfurt, Lyon, Paris ná i Londain a bheadh sí, ach go dtig léi a bheith anseo i gcroílár na Gaeltachta. Tá siad anseo as Andorra, Tír na mBascach, An Fhrainc, An Spáinn agus Eacuadór. Anocht bronnfar bonn ar an 35 a roghnaíodh, i ndiaidh dul fríd phróiseas breithiúnais - duine de na breithiúna sin is ea bunaitheoir Moderna, Kenneth Chien."

Máirtín Ó Muilleoir, duine de lucht eagair na Comhdhála

I measc na dtograí is suntasaigh anseo inniu, bhí smaointe agus teicneolaíochta bhaineann le fuinneamh glas, tograí sláinte agus uathchórais faisnéise.

Thaisteal Inty Gronneberg an bealach uilig as Quito in Eacuadór, áit ar cheap a chomhlacht féin (Icthion), teicneolaíocht a bhailíonn dramhaíl plaistigh as srutháin agus aibhneacha sula n-éiríonn léi an fharraige a bhaint amach. Ansin athchúrsáileann siad an plaisteach uilig.

Deir an nuálaí seo go sileann dhá mhilliún déag tonna plaistigh sa bhliain isteach sna haigéin.

Dmytro Shymkiv, Príomhfheidhmeannach Darnitsa Group as An Úcráin ag caint beo as Cív

I measc na gcainteoirí eile bhí Dmytro Shymkiv, Stiúrthóir an chomhlachta Darnitsa san Úcráin, a labhair leis an chomhdháil ó ionad sábháilte i gCív, faoi na dúshláin do lucht gnó ansin agus cogadh ar bun. Dúirt sé go bhfuil freagracht ar nuálaithe agus ar lucht gnó dá ndaoine féin , nuair a ghairtear cogadh orthu, agus go bfuil gá acu le hardáin chumarsáide in am an ghátair, go háirithe.

Deir príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh,a d'óstaigh an chomhdháil 2 lá seo, gur buntáiste dóibh féin eolas a fháil agus a roinnt faoin eacnamaíocht ghlas - i measc tograí eile atá ábharach do cheantair Ghaeltachta atá faoina gcúram:

Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh

"Tá cúrsaí aeráide chomh tábhachtach céanna don Ghaeltacht is atá siad doaon réigiún sa domhan. Táimid ag iarraidh buntáiste a bhaint as na deiseanna ó thaobh fuinneamh inathnuaite agus an eacnamaíocht ghlas. Is iontach a bheith ag cloisteáilfaoi na rudaí atá ag tarlú in áiteacha eile agus na tacaíochtaí atá amuigh ansin do thaighdeagus forbairt sa réimse . Beimid ag dul i bpáirtnéireacht le daoine a raibh muid ag caint leole dhá lá anuas ar chúrsaí mar hidrigín , fuinneamh gaoithe amuigh ar an bhfarraige, srl."

Cé go raibh cainteoirí Gaeilge ar chuid de na painéil inniu - cuid acu ó Ghaoth Dobhair féin agus ó Ollscoil na Gaillimhe - ní raibh seirbhís aistriúcháin ar fáil - rud a d’fhág gur i mBéarla go príomha a bhí an chomhdháil. Dúirt an tÚdarás nach bhfuil neart acu air seo: Mhínigh an príomhfheidhmeannach :

"Reachtáileann MIT seoar fud an domhain. Seo ceann na hEorpa. Mar a tharlaíonn sé, is tré Bhéarla a reachtáiltear an chomhdháil féin, ach mar is léir ó chomharthaíocht agus ó chainteoirí, duine ar bith a raibh Gaeilge acu d’úsáid siad gaeilge agus bhí daoineag labhairt i mgaeilge agus i mBéarla. tá sé fíorthábhachta dúinne - aon áit a mbímida thaispeáint gur áit ar leith atá sa Ghaeltacht agus tá an Ghaeilge lárnach i chuile shórt a dhéanaimidinne. AGus níl duine ar bith a fhágfaidh an áit seo inniu nach dtuigfidh go bhfuil Gaeltacht ann agus go bhfuil teanga dár gcuid féin againn agus go bhfuil an teanga sin lárnach inár stráitéis forbartha."

Mar chuid den 2 lá , tugadh taispeántas ceoil traidisiúnta do na nuálaithe ón ghrúpa Crannóg as Gaoth Dobhair. Anocht leanadh leis an líonrú agus an malartú eolais nuair a bhronnfar gradaim ar na nuálaithe is fearr ag dinnéar oifigiúil, agus beidh deis amárach an sliabh is airde sa chontae, An Earagail, a dhreapadh .