Dúirt an tAire Stát sa Roinn Oideachais, Josepha Madigan TD, agus a bhfuil freagracht oideachais speisialta uirthi, le tuismitheoirí cúpla 11 bliain d'aois agus a bhfuil uathachas orthu, go bhfuil áit i scoil aici dóibh beirt.

Dúradh le Darren agus Gillian Milne, a bhfuil blianta caite acu ag impí ar an Roinn teacht i gcabhair orthu agus ar a leanaí atá neamhbhriathartha agus a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Léirigh eagrán Primetime ar RTÉ1, a craoladh oíche Dé Máirt seo caite, cruachás an teaghlaigh toisc na dúshláin lena bhfuil na leanaí ag streachailt.
I ndiaidh don Aire Madigan bualadh le tuismitheoirí an chúpla, fógraíodh go bhfuil áit i scoil speisialta an duine acu feasta.
Dúirt tuismitheoirí na beirte go bhfuil gliondar orthu le is an dea-scéala.