Tá An Lá Dearg beartaithe ag An Dream Dearg, amárach, 21 Bealtaine 2022 chun éileamh ollmhór an phobail ar son Acht Gaeilge ó thuaidh a léiriú arís eile. Meastar go bhfuil níos mó ná 25 bus lán d'agóidithe le triail ar Bhéal Feirste as gach cearn den tír.

Tá súil ag lucht eagair macasamhail na hócáide i 2014, a tionóladh i mBaile Átha Cliath a léiriú ar shráideanna Bhéal Feirste.

Deir Conchúr Ó Muadaigh, urlabhra leis An Dream Dearg:

"Tá tacaíocht ollmhór ón phobal don Acht Gaeilge agus don fheachtas trí chéile agus tá muid uilig ag súil le slua stairiúil i mBéal Feirste don Lá Dearg. Nuair a amharcann muid siar ar an Lá Dearg deiridh a rinne muid in 2017 níl aon amhras ach go bhfuil dul chun cinn dóchreidte déanta againn mar phobal. Tá gréasán ollmhór gníomhaithe ag eagrú agus ag pleanáil le míonna fada anuas agus anois tá deis againn mar phobal ár ngúth a ardú arís eile os comhair an domhain. Beidh na Gaeil chun tosaigh, glórach agus bródúil, ag éileamh chearta teanga a diúltóidh dúinn le breis agus 20 bliain."

Fágfaidh na sluaite an Chultúrlann ag 1pm agus beidh ócáid mhór taobh amuigh de Halla na Cathrach nuair a bhaineann an slua lár na Cathrach amach.

tacaíocht tras-phairtí don Lá Dearg

Níos túisce an tseachtain seo, léirigh polaiteoirí tras-pháirtí tacaíocht don Lá Dearg. Táthar ag súil go mbeidh na mílte duine ann le siúl chuig Halla na Cathrach le héileamh don reachtaíocht Ghaeilge a gealladh sa Chomhaontú Cill Rímhinn i 2006, sa chomhaontú Ré Nua Cur chuige Nua i 2020, ag an Rúnaí Stáit de Rialtas na Breataine, Brandon Lewis, i 2021 agus ag Príomhaire na Breataine, Boris Johnson, an tseachtain seo nuair a bhí sé ar cuairt i mBéal Feirste.

"Bhrúigh muid ceist na Gaeilge go croílár na polaitíochta anseo agus níl muid ag dul áit ar bith go n-aithníonn an stát seo ár dteanga dhúchais agus ár bpobal sa dlí. Beidh An Lá Dearg seo ollmhór. Siúlaigí linn. Seasaigí linn. Le chéile athróidh muid an domhan seo." a dúirt Ó Muadaigh