"Tá an Donbas scriosta go hiomlán." Sin a dúirt Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskiy aréir agus é ag labhairt leis na meáin.
Maíonn an Úcráin go ndearna arm na Rúise bombardú ar cheantar an Donbas in oirthear na hÚcráine - ó thalamh agus ón spéir. Maraíodh ar a laghad 13 síbhialtach agus ag cur cuma ifrinn ar an Donbas.
Dúradh go bhfuil an Rúis ag iarraidh ceannas a fháil ar cheantar an Donbas anois agus raithe caite ag ionradh na Rúise ar a gcomharsain.

I ráiteas a d'eisigh ginireál na hÚcráine, dúirt sé gur bhuail airtléire throm móide buambaí ón spéir infrastruchtúr sibhialtach.
Dheimhnigh gobharnóir an réigiúin, Serhiy Gaidai gur maraíodh 13 de bharr an ionsaithe ar Luhansk agus Donbas.
Ainneoin gur maraíodh 12 i Sievierodonesk, níor éirigh le arm na Rúise forlámhas a fháil ar an mbaile.
Ní raibh sé ar chumas Reuters na tuairiscí a dheimhniú go neamhspleách ach shéan an Rúis go ndearna siad ionsaí ar aon láthair sibhialtach.