Thug an Taoiseach, Micheál Martin ar chuairt ar Bhéal Feirste inniu mar a raibh cruinnithe aige le polaiteoirí agus ceannairí gnó in iarracht fál go haer Stormont a shárú. Dúirt sé nár cóir go mbeadh cead ag an DUP cosc a chur ar an ndaonlathas ó Thuaidh

Bhuail sé le ceannairí na bpáirtithe polaitíochta, seachtain i ndiaidh toghchán an chomhthionóil agus chuir sé sé fáilte ina dhiaidh sin, roimh thoscaireacht de cheannairí gnó.

Caisleán Stormont - DUP an diúltú dul i mbun Comhthionóil go dtí go bhfuil a núdair imní faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann curtha ar neamhní

Tá diúltaithe ag an DUP dul i mbun oibre sa Chomhthionól go dtí go maolaítear ar a ngearáin faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann.

i ndiaidh a chruinniú le ceannaire an DUP, dúirt Jeffrey Donaldson, go raibh cruinniú "áisiúil" acu agus go ndúradh go neamhbhalbh cad a bhí de dhíth lena ngearáin faoin Prótacal a chur ina cheart.

Bhí sé ráite ag Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Liz Truss níos luaithe sa tseachtain, go bhfuil sí le reachtaíocht a chumadh i bParlaimint Westminster, a ghlacfaidh forlámhas ar an Phrótacal sna seachtainí amach anseo munar féidir leí teacht ar chomhréiteach leis an Aontas Eorpach.

Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Liz Truss - reachtaíocht le teacht in áit an Phrótacail á bhagairt aici

Tá an tAontas Eorpach ag cur go láidir i gcoinne a leithéid de bhagairt - agus chuir Uachtarán an Choimisiúin, Ursula Von der Leyen é sin in iúl don Taoiseach inné.

Uachtarán Choimisiún na hEorpa, Ursula Von der Leyen - Tacaíocht iomlán an Aontais Eorpaigh ag Éire

Lean sí le rá go raibh Éire agus an AE ar an leathanach céanna agus nach bhféadfaí comhaontú idirnáisiúnta a chur ó mhaith go h-aontaobhach.

"Caithfidh an Bhreatain oibriú linn, le teacht ar chomhréitigh a oibreoidh do chách" a dúirt sí.

Ag labhairt dó le raidió BBC Uladh ar maidin, dúirt an Taoiseach nach bhfuil de rogha ach go dtabharfadh an Bhreatain agus an AE faoi chainteanna ar bhonn ghairmiúil, dháiríre d'fhonn fál go haer an Phrótacail a réiteach.

Dúirt sé freisin go bhfuil láthair na gcuaillí i gceist an Phrótacail ag síorathrú agus nach bhfuil 'fhios cá bhfuil réiteach na bhfadhbanna. Dúirt sé go leiríonn óráid Liz Truss an tseachtain seo go bhfuil raon na ndeacrachtaí ag dul i dtreis.

Dúirt sé go bhfuil sé ráite arís agus aríst eile go bhfuil toil agus fonn bogadh ar aghaidh ag an Aontas Eorpach, agus nach bhfuil sé fíor a mhalairt a chur ina leith.

Spéicéir Theach na nIonadaithe, SAM, Nancy Pelosi - 'Ní bheidh margadh trádála idir SAM agus an Bhreatain má leasíonn an bhreatain Prótacal TÉ go haontaobhach'

Thug a ndúirt Spéicéir Theach na nIonadaithe, Washington Nancy Pelosi aréir ugach don Taoiseach agus é ag bualadh le polaiteoirí an Tuaiscirt. Dúirt Pelosi nach nglacfaidh na Stáit Aontaithe le haon iarrachtaí Prótacal Thuaiscerat Éireann a chur ó mhaith go haontaobhach.