Dúirt Nancy Pelosi, Spéicéir Theach na nIonadaithe SAM, go gcothaíonn gníomhartha aontaobhacha na Breataine i leith Prótacal Thuaisceart Éireann an imní.
Dúirt sí má leanann an Bhreatain ag baint an bonn ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, nach mbeidh aon mhargadh déthaobhach idir an dá thír.
Ag labhairt di ag ócáid preasa sheachtainiúil, dúirt an tUasal Pelosi, gur ionann Comhaontú Aoine an Chéasta agus bunsraith na síochána i dTuaisceart Éireann agus go soilsíonn sé mar lóchrann dóchais don domhan uile.

Lean sí le rá go bhfuil sé riachtanach don gComhaontú, nach mbeadh aon teorainn chrua idir Thuaisceart Éireann agus an Poblacht. Dúirt sí go gcomhlánann an margadh, a déanadh leis an Prótacal a chur in áit, gach socrú a bhí aontaithe roimhe sin i gComhaontú Aoine an Chéasta agus go gcoimeádann siad an dul chun cinn atá déanta socair, dul chun cinn, a dúirt sí, a bhfuil tacaíocht iomlán SAM acu.
Ní thacóidh na Stáit Aontaithe le haon iarracht theacht ar mhargadh déthaobhach trádála idir an dá thír má fheictear dóibh go bhfuil an Bhreatain ag cumadh reachtaíochta le cur in áit na reachtaíochta atá aontaithe, ag leibhéal idirnáisiúnta, cheana.
Léiriú fós eile, ar an dtacaíocht a thugann polaiteoirí ag an leibhéal is airde i Meiriceá don tsíocháin i dTuaisceart Éireann go háirithe, seachtain i ndiaidh toghchán an Chomhthionóil agus an bac atá á chur ag an DUP ar athbhunú Stormont muna mbeidh athrú ar an bPrótacal.