In Istanbul na Tuirce a bhí an gabhar á róstadh aréir agus brat na hÉireann ar foluain go buacach i ndiaidh do bheirt dornálaí na hÉireann boinn óir a bhuachaint ag na Craobhacha Domhain in Istanbul.

Amy Broadhurst ag síneadh a deasóige i dtreo Imane Khelif sa bhabhta ceannais 63kg inné

Seo an chéad uair ag Éire dhá bhonn óir a bhaint ag aon comórtas craoibhe.

Ba í Amy Broadhurst as Dún Dealgan, Co Lú an chéad dhuine den bheirt a bhí istigh sa chró
agus ise ag troid i gcoinne Imane Khelif ón Ailgéir sa chomórtas 63kg. I ndiaidh babhta crua, bhuaigh sí ar phointí - cúigear moltóir ar aonfhocal 5-0

Dúirt sí le raidió RTÉ ar maidin, gur chaith sí a h-óige ag brionglóid faoi bheith ina curadh domhanda lá éigin. D'éirigh leí an bhrionglóid sin a fhíorú inné.

Lisa O'Rourke ag cur le cruatan Helena Panguane sa bhabhta ceannais 73kg

Lisa O Rourke, as Ros Camáin a bhuaigh a babhta ceannais 73kg go gairid ina diaidh i ndiaidh di Helena Panguane as Mósaimbic na hAifrice a chloí. I ndiaidh babhta crua, thug móramh mór na moltóirí an bua do bhean Thearmainne 4-1

Roimh don bheirt bhan mhisniúla a mboinn óir a bhuachaint inné, ní raibh ach 3 bhonn óir buaite ag dornálaithe na tíre roimhe sin. B'iad Michael Conlon, Kellie Harrington agus ar ndoigh, Katie Taylor a bhuaigh na boinn óir sin.

Cintíonn a mbua, go mbeidh siad i dteideal deontais €40,000 ó Spórt Éireann.

Fillfidh siad ar Éirinn tráthnóna amárach.