Dúirt ambasadóir an Aontais Eorpaigh sa Bhreatain João Vale de Almeida nach bhfuil lá rúin ag an Aontas margáil as an nua a dhéanamh maidir le Prótacal an Tuaiscirt.

Tá Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine Liz Truss ag iarraidh ar an Aontas Eorpach a sainordú a athrú i riocht agus go bhféadfaí an prótacal a leasú ó bhonn.

Thug João Vale de Almeida le fios, áfach, nach bhfeiceann sé faoi láthair go mbeidh "críoch shona" ar an "dráma fadálach."

Dúirt sé go bhfuil imní air faoin easpa muiníne idir cheannairí an Aontais Eorpaigh agus na Breataine, agus go deimhin idir gach duine atá bainteach leis an scéal.

Bhí cainteanna ag an Taoiseach Micheál Martin le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen faoin scéal inniu.

Dúirt an dís sin i ndiaidh na gcainteanna go bhfuil an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann ar aon fhocal gur comhréiteach nó comhréitigh ar cheist an phrótacail atá ag teastáil agus nach bhfuil aon ghar sa ghníomh aontaobhach.