Tugadh fear 20 bliain d'aois os comhair cúirte inniu agus é cúisithe i ndúnmharú fir 65 bliain i gCo Átha Cliath anuraidh.

Tá Owen Maughan, as Dún Saithne, Baile Brigín, cúisithe i ndúnmharú Christopher Hall i mí na Samhna seo caite.

Fuarthas corp Christopher Hall ina theach cónaithe i bhFaiche Dhún Saithne i mBaile Brigín ar an 24 Samhain 2021.

Dheimhnigh an scrúdú iarbháis gur bhain drochghortuithe dá cheann agus dá cholainn.

Bhí beirt iníonacha ag Christopher Hall ach bhí sé ina chónaí sa teach ina aonar.

Christopher Hall

I gCúirt Dúiche Bhaile Brigín, thug an Bleachtaire-Sháirsint Eoin McDonnell le fios nach ndúirt Owen Maughan aon ní nuair a cúisíodh é ar maidin.

Dúirt aturnae an chúisí Fiona D'Arcy nach raibh sé i gceist ag a cliant iarratas ar bhannaí a dhéanamh faoi láthair agus chuir an Breitheamh Deirdre Gearty siar faoi choinneáil é go dtí Dé Máirt seo chugainn.

Cheadaigh an breitheamh saorchúnamh dlí do Owen Maughan.