Dar le Roinn Cosanta na Rúise gur ghéill 1,730 saighdiúir Úcránach a bhí ag seasamh an fhóid in ollmhonarcha cruach Azovstal i gcathair Mariupol, gur ghéill siad d'Arm na Rúise ó thús na seachtaine seo.

Thug na Rúisigh le fios gur comhaltaí de reisimint Azov beagnach 800 de na saighdiúirí a ghéill dóibh i Mariupol ó inné.

Dúirt siad freisin go bhfuil 80 saighdiúir Úcránach tugtha chun an ospidéil acu. Saighdiúirí iad seo a leonadh i gcaitheamh an léigir a rinne Arm na Rúise ar Mariupol ó thús an chogaidh, de réir cosúlachta.

Níl sé soiléir fós, áfach, an malartófar na géibheannaigh ar shaighdiúirí Rúiseacha atá á gcoinneáil ag na hÚcránaigh.

Tuairisicítear freisin go bhfuil roinnt de cheannasaithe na reisiminte Azov lonnaithe sa mhonarcha cruach i gcónaí agus nach bhfuil aon fhonn orthu stríocadh don namhaid, fós ar aon chor.

Mar le réigiún an Donbass in oirthear na hÚcráine de, mar a bhfuil an chogaíocht is déine ar bun, tá sé á mhaíomh ag Arm na hÚcráine go bhfuil siad ag troid go feilmeanta in aghaidh fhórsaí na Rúise agus go bhfuil an ceann is fearr á fháil acu orthu beagán ar bheagán.

Os a choinne sin, tuairiscítear gur maraíodh sibhialtach nuair a scaoil fórsaí Úcránacha roicéid le sráidbhaile in Oblast Kursk in iarthar na Rúise.

Níl ceachtar den dá scéal cogaíochta sin deimhnithe ag an áisíneacht nuachta Reuters, áfach.