San Ard-Chúirt, tugadh cead milliún euro breise a íoc le bean 34 bliain d'aois a mhaígh gur tholg sí galar neamhchoitianta ó phearóid sa siopa peataí ina raibh sí ag obair ceithre bliana déag ó shin.

Tá Patricia Ingle, as Béal Átha na Cora, Co Luimnigh, go mór faoi mhíchumas agus í fágtha gan lúth na ngéag de bharr an ghalair chlamydia psittacosis, ionfhabhtú a scaiptear san aer ó éin go daoine.

Lamháladh cúiteamh €15.5 milliún di roimhe seo. Tá an t-airgead á íoc léi ina thráthchodanna agus tá sé cinn d'íocaíochtaí faighte aici go nuige seo.

Tiocfaidh cás Patricia Ingle os comhair na hArd-Chúirte arís an bhliain seo chugainn, tráth a dhéanfar measúnú eile ar a riachtanais.

Mhaígh sí gur tholg sí chlamydia psittacosis ó phearóid cocaitíle nuair a bhí sí ag obair i siopa peataí ar Bhóthar na hInse i Luimneach sa bhliain 2008 agus go ndearna Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte míbhainistiú ar a cás ón uair a cuireadh in ospidéal í.

D'éirigh Patricia Ingle an-tinn ar an 12 Lúnasa 2008 agus tugadh í go dtí an tOspidéal Réigiúnach i Luimneach. Dúirt lucht leighis léi a scíth a dhéanamh agus cuireadh abhaile í.

Cuireadh san ospidéal arís í ar an 1 Meán Fómhair, ach dha lá ina dhiaidh sin bhí a glór agus lúth na ngéag caillte aici.

Deimhníodh go raibh dochar tromchúiseach nach bhféadfaí a leigheas déanta dá hinchinn.

Chuir sí an dlí ar lucht an tsiopa peataí agus ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Shocraigh an dá dhream sin an cás ach níor ghlac siad le dliteanas.