Tá sé thar am ag Rialtas na hÉireann éirí as a bheith ag coinneáil na Gaeilge amach as córas riaracháin an Stáit, a deirtear i leabhar nua ón socheolaí an Dr Pádraig Ó Laighin.

Deir sé go deimhin go gcaithfidh an Stát éirí as a bheith ag cur cinntí a bhaineann leis an teanga ar an mhéar fhada agus nach bhfuil aon ghá fanacht ocht mbliana eile le hAcht na dTeangacha Oifigiúila a chur i bhfeidhm.

Bhí baint mhór ag Pádraig Ó Laighin leis an bhfeachtas chun aitheantas a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oibre san Aontas Eorpach.

Ina leabhar, cíorann sé an feachtas sin, chomh maith leis an reachtaíocht teanga, agus tráchtann sé ar an anailís shochtheangeolaíoch atá déanta ar staid na Gaeilge mar theanga phobail le fiche bliain anuas.

Labhraíonn sé chomh maith ar an "coup ciúin" a tharla in Éirinn sna seascaidí, "clár ceilte oibre leis an teanga a dhíbirt ó riarachán an Stáit agus ó sholáthar seirbhísí." Dí-institiúidiú agus dídhlisteanú a thugann sé air.

Tá moltaí déanta aige maidir le hoideachas ollscoile i nGaeilge, cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht, cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga agus riar an cheartais i gcúirteanna na gceantar Gaeltachta.

Leabhar nua Phádraig Uí Laighin

Molann sé go gcuirfeadh an Rialtas rannóg Ghaeilge ar fáil i ngach Roinn Stáit a mbeadh idir chúigear agus ochtar ball foirne inti agus a rachadh i mbun oibre bliain tar éis an reachtaíocht a rith.

D'fhéadfaí é sin a dhéanamh an bhliain seo chugainn seachas a bheith ag fanacht ocht mbliana le coiste comhairleach chun comhairle a chur ar an Rialtas, dar leis.

Deir sé gur leabhar lán dóchais a scríobh sé agus gurbh áil leis deireadh a chur le "dioscúrsa an éadóchais," mar a thug sé air, faoina bhfuil i ndán don Ghaeilge.

Maíonn sé nach bhfuil an ceart ag scoláirí "a thuar cúig bliana déag ó shin go mbeadh an Ghaeilge marbh sa Ghaeltacht inniu. Ní aontaím beag ná mór leis an tráchtas sin," a dúirt sé le Nuacht RTÉ/TG4.

"Is dóigh liom féin go bhfuil neart, láidreacht agus cumas i bpobal na Gaeilge sa Ghaeltacht, ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain le fírinne."

In ainneoin na tuairime sin ó Phádraig Ó Laighin féin, áfach, léirigh na samplaí a thug an t-iar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin ina chuid cainte aréir, agus é ag seoladh an leabhair, go bhfuil síorchreimeadh á dhéanamh ar stádas agus aitheantas na Gaeilge sa tír seo.

Dúirt seisean go bhfuil súil aige go gcuirfidh an saothar seo tús le díospóireacht úr:

"Bíonn an dioscúrsa faoi chúrsaí Gaeilge éadomhain go maith, aineolach fiú in amannaí, agus cinnte bíonn tuiscintí agus teoiricí ann."

I gcaibidil ar leith atá dírithe ar léargas a thabhairt ar staid reatha na Gaeltachta, tá Pádraig cáinteach ar chur chuige agus ar thátal an Staidéir Chuimsithigh Theangeolaíoch, ceann de na saothair anailíse is cuimsithí ar tugadh fúthu riamh sa Ghaeltacht.

Dar leis gur ceanglaíodh tátal amháin a thug údair an staidéir sin leis an staidéar ina iomláine "i dtuiscintí an phobail agus gur deimhníodh an nasc sin níos déanaí i bhfoilseacháin [eile] agus sa nuashonrú a rinneadh."

Deir Ó Laighin nach dóigh leis go bhfuil "an tátal inchosanta mar thátal ar an suirbhé féin [suirbhé ar dhaoine óga], ná ar an staidéar ina iomláine go deimhin, ar bhonn na fianaise a cuireadh ar fáil."

Dúirt an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, duine de phríomhúdair an staidéir sin le Nuacht RTÉ/TG4 tráthnóna, ámh, go dtugann leabhar Phádraig Uí Laighin "léiriú mícheart ar thátal an Staidéir Chuimsithigh Theangeolaíoch 2007 agus ar thátal an Nuashonraithe a rinneadh air in 2015."

Dhearbhaigh an Giollagánach go bhfuil an dá thátal bunaithe ar fhianaise iomlán an dá staidéar, staidéir a bhaineann lena chéile go deimhin.

Chomh maith leis sin, dúirt an tOllamh Ó Giollagáin gur "caint dhioscúrsúil atá aige [Pádraig Ó Laighin] ar fhianaise eolaíochtúil na staidéar seo seachas anailís bharantúil eolaíochtúil ar na staitisticí atá iontu.

"Níor tugadh le fios sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch go mbeadh deireadh leis an nGaeilge sa Ghaeltacht faoi cheann 15-20 bliain ach go dtiocfadh deireadh faoi réir cúinsí reatha le saolré na Gaeilge mar theanga phobail san achar úd."

Tá sé i gceist ag Pádraig Ó Laighin an leabhar a fhoilsiú i mBéarla amach anseo de bhrí, a dúradh ag an seoladh aréir, "nach bhfuil duine ar bith ag cur chás na Gaeilge i láthair sna meáin Bhéarla."