Tá saighdiúir Rúiseach atá ar a thriail san Úcráin faoi choireanna cogaidh tar éis pléadáil ciontach sna cúiseanna atá curtha ina leith.

Sin é Vadim Shishimarin, 21 bliain d'aois, arb é an chéad saighdiúir Rúiseach le cur ar a thriail faoi choireanna cogaidh san Úcráin ó rinne an Rúis ionradh ar an tír ar an 24 Feabhra.

Nuair a fiafraíodh de i gcúirt i gCív an raibh sé ciontach dúirt sé go raibh. Is féidir go ngearrfar príosún saoil air má chiontaítear é.

Cuirtear ina leith gur dhúnmharaigh sé sibhialtach fir 62 bliain d'aois in oirthuaisceart na hÚcráine ar an 28 Feabhra, agus coireanna eile leis.

Sáirsint in aonad tancanna is ea Vadim Shishimarin agus is as Oblast Irkutsk sa tSibéir é.

Líomhnaítear gur chaith agus gur mharaigh sé an sibhialtach a bhí ar rothar i sráidbhaile Chupakhivka in aice le cathair Sumy.

Bhí baintreach an fhir a maraíodh i láthair sa chúirt inniu.

Tá cásanna in aghaidh 40 saighdiúir Rúiseach eile á réiteach ag ionchúisitheoirí san Úcráin.