Eiseachadadh as Éirinn chun na Liotuáine inné Liam Campbell, duine den cheathrar ar rialaíodh ina leith i gcás cúirte sibhialta go raibh siad freagrach as buamáil na hÓmaí.

Rialaigh an Chúirt Uachtarach an tseachtain seo caite go bhféadfaí Liam Campbell a eiseachadadh chun na Liotuáine lena cheistiú faoi líomhaintí a bhaineann le smuigleáil arm, le hairm a bheith ina sheilbh aige agus le sceimhlitheoireacht.

Tuigtear gur ghabh na Gardaí é inné agus gur thug siad ar láimh é do phóilíní ón Liotuáin in Aefort Bhaile Átha Cliath.

Cúig bliana go leith a mhair an cás eiseachadta.

Gabhadh Liam Campbell ar an 2 Nollaig 2016 i bhFochaird Uachtarach, Dún Dealgan, Co Lú, de bhun barántais ghabhála a bhí eisithe ag na húdaráis sa Liotuáin.

Líomhnaítear sa bharántas gabhála go raibh baint ag Liam Campbell le smuigleáil arm ar son na heagraíochta an Fíor-IRA idir dheireadh na bliana 2006 agus thús na bliana 2007.