Cuma céard a tharlaíonn sa mhéid den séasúr sacair seo atá fanta,féadfaidh Liverpool maíomh go ndeachaigh siad i bhfoisceacht mbeannaí Dia don churadhmhír i 2021-22 agus éacht nár baineadh amach riamh cheana a bheith luaite leo.

Tá dhá thrófaí buaite cheana féin ag buachaillí Jurgen Klopp.

Ciallaíonn bua na hoíche anocht sa tsraith go ngabhfaidh comórtas mór na príomhroinne go snaidhm an rópa.

Curtis Jones (ar chlé) agus Jurgen Klopp ag ceiliúradh

Bhí Southampton chun tosaigh ag tráth amháin agus ceapadh gur ag Man City a bheadh an t-údar ceiliúrtha.

Ach léirigh Liverpool carachtar láidir, ag scoráil dhá chúl a bhuíochas do Takumi Minamino agus Joel Matip agus ag cinntiú bua do fhoireann anocht a d'imir d'uireasa Sadio Mane, Virgil Van Dijk agus Mohamed Salah.

Cluiche amháin atá fanta le himirt anois, gan de bhearna idir Manchester City agus Liverpool ach aon phointe amháin ag barr an tábla.

Caithfidh Man.City buachan Dé Domhnaigh seo chugainn leis an tsraith a chinntiú.

Má bhuaileann siad Aston Villa ag a baile i Staid an Etihad,is leo Corn na Príomhroinne, beag beann ar aon sár-thaispeántas ó Liverpool in aghaidh Wolves ag Anfield.

Pep Guardiola,bainisteoir Man.City

Ach má loiceann City ar aon bhealach,cailliúint nó comhscór, níl le déanamh ansin ag Liverpool ach Wolves a chloí agus is iad an dream cois abhainn an Mersey a bheidh ag ceiliúradh.

Chiallódh sé freisin go mbeadh 3 mhór-chomórtas buaite ag Liverpool an séasúr seo agus iad ag súil cur leis sin ar an Satharn,an 28Bealtaine nuair a imreoidh siad Real Madrid i bPáras do chluiche craoibhe Shraith na Seaimpíní.

Tá rud éigin draíochtúil i Learpholl.

An cheist mhór an gcuirfear síneadh anois le ceiliúradh an tseachtain seo caite i gCorn an FA.