Tá Gardaí atá ag fiosrú dúnmharú Lisa Thompson i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite ag iarraidh ar fhear a thug cáipéis isteach ag Stáisiún na nGardaí i bhFionnghlas le gairid dul i dteagmháil leo go práinneach.

Thángthas ar chorp Lisa Thompson a bhí 52 bliain d'aois maraithe ina teach cónaithe i mBaile Munna, iarthar Bhaile Átha Cliath,an tseachtain seo caite.

Bhí sí sáite roinnt mhaith uaireanta.

Tá Gardaí anois ag iarraidh labhairt go práinneach leis an bhfear a bhuail isteach ag an stáisiún i bhFionnghlas Déardaoin seo caite.