Tá tús curtha ag Rialtas na Breataine leis an phróiséas chun déileáil le hoidhreacht na dtrioblóidí ó thuaidh.

I measc na bpleananna bheadh maithiúnas ó chiontú dóibh siúd a chomhoibríonn le painéal fiosrúcháin dúnmharuithe.

Bheadh sé i gceist ag Rialtas na Breataine reachtaíocht a thabhairt isteach faoina choinne seo.

Ach ní mó ná sásta atá teaghlaigh an dreama a maraíodh sna trioblóidí lena bhfuil molta.

Fuair os cionn 3,500 duine bás le linn aimsir na dtrioblóidí sa Tuaisceart i dtréimhse a mhair suas le 30 bliain.

I go leor de na cásanna sin níor ciontaíodh aon duine riamh.

Bheartaigh Rialtas na Breataine ar dtús maithiúnas ginearálta a thabhairt do dhuine ar bith a rinne coir bainteach leis na trioblóídí roimh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.

Anois faoin reachtaíocht atá aige, caithfidh duine ar bith bainteach le dúnmharuithe comhoibriú le Coimsiún nua neamspleách d’athmhuintearas agus athshlánú eolais; sin má tá siad le maithiúnas a fháíl..

Deir Rialtas na Breataine go gcomhlíonann an reachtaíocht dualgais chearta daonna idirnáisiúnta ach tá teaghlaigh áirithe cheana fhéin ag beartú dúshláín dlí.

Ciallaíonn an beartas seo freisin ó Rialtas na Breataine go bhfuil sé éagsúíl d'fhéadfaí a rá ó Chomhaontú Theach Stormont 2014.

Faoin socrú sin dúradh nach mbeadh sé i gceist aon mhaithiúnas a bhronnadh orthu siúd a gcruthófaí iad a bheith freagrach as maruithe le linn na dtrioblóidí.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nár chóir do Rialtas na Breataine gníomhú go haonarach ar cheist oidhreacht na dtrioblóidí.

'Aon athrú ar na meicníochtaí a haontaíodh i gComhaontú Theach Stormont' a dúirt sé 'ba chóir sin a dhéanamh i gcomhpháirtíocht le Rialtas na hÉireann agus páirtithe Stormont'.

Bhí an Taoiseach ag labhairt agus é ar tí aitheasc a thabhairt ag ocáid a rinne comóradh ar bhuamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineachán, a tharla cothrom an lae seo i 1974.