Tá córais ríomhaireachta Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG) buailte ag cibirionsaí.
Tuigtear gur tharla an t-ionsaí cúpla lá ó shin.
Chuir Uachtarán na hollscoile,An Dochtúir Ciarán Ó hÓgartaigh an fhoireann ar an eolas i ríomhphost.
Cé go bhfuil fáil ag an fhoireann teagaisc ar an chóras 'Blackboard' atá in úsáid acu le rochtan a bheith acu ar ábhar acadúil, tuigtear nár cuireadh aon sonraí ar na córais i mbaol.

Dúirt an t-urlabhraí le Nuacht RTÉ/TG4 go bhfuil an 'eachtra' mar a thug sé air, faoi smacht anois.
Dúirt sé cé gur chruthaigh sé deacracht do bhaill foirne teacht ar na córais, nár cuireadh aon sonraí ar na córais i mbaol.
Deir an ollscoil go bhfuil siad dóchasach nach gcuirfidh seo isteach ar fhoilsiú thorthaí scrúduithe do na mílte macléinn ag deireadh na seachtaine seo chugainn.
Dúirt an t-urlabhraí nach rabhthas leis na torthaí a eisiú go ceann roinnt seachtainí.
Dúirt an ollscoil i ráiteas gur 'aimsíodh gníomhacht amhrasach ar ár líonra ollscoile le roinnt laethanta anuas agus mar bhearta réamhchúraim, tá srianta sealadacha curtha i bhfeidhm againn ar roinnt seirbhísí a bhíonn in úsáid ag an bhfoireann'.
'Creidimid nach bhfuil an eachtra seo ar an scála céanna leis an gcibirionsaí a tharla anuraidh agus cosúil leis an am sin, níl aon chomhartha ann go ndearnadh aon dochar do shonraí' a dúírt an t-urlabhraí.
Rinneadh an chéad ionsaí i mí Mheán Fómhair 2021 ar chórais na hollscoile nuair a bhí micléinn ar tí tosú ar an chéad téarma acadúil dá gcúrsaí ollscoile.